Rockwell Kent
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Meitheamh 1882 Tarrytown, New York |
Bás | 13 Márta 1971 88 bliana d'aois Plattsburgh, New York |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Columbia Columbia Graduate School of Architecture, Planning and Preservation (en) Cheshire Academy (en) Horace Mann School (en) Parsons School of Design (en) Shinnecock Hills summer school (en) |
Áit chónaithe | Tarrytown |
Gníomhaíocht | |
Gairm | péintéir, maisitheoir, déantóir priontaí, scríbhneoir, scríbhneoir próis |
Ball de | |
Seánra | Ealaín tírdhreacha |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas | |
Ba phéintéir, déantóir priontaí, maisitheoir, scríbhneoir, mairnéalach, eachtránaí agus taiscéalaí Meiriceánach é Rockwell Kent (21 Meitheamh, 1882 – 13 Márta, 1971). Bhí sé ar dhuine d'ealaíontóirí móra Mheiriceá lena linn. Bhí an-ghrá aige don uaigneas agus do chríocha an tsneachta. Chaith sé seal in Tierra del Fuego, in Alasca, sa Ghraonlainn, in Monhegon (Maine), agus i nGleann Cholm Cille. Scríobh sé tuairiscí ar a chuid taistil - Wilderness, N by E, Voyaging, agus Salamina. Chuir sé léaráidí agus líníocht le cuid de shaothair mhóra liteartha an Bhéarla, Shakespeare agus Chaucer, le Moby Dick le Herman Melville, sin agus le Faust le Goethe. Is sóisialach dílis a bhí ann ó thaobh na polaitíochta de, rud a thug air a dhul go Moscó áit a raibh an-mheas air tráth.