Gwen Harwood
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 8 Meitheamh 1920 Taringa, Queensland |
Bás | 9 Nollaig 1995 75 bliana d'aois Hobart, Tasmania |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Brisbane Girls Grammar School (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Litríocht na hAstráile, leabhróg agus filíocht na hAstráile |
Gairm | file, leabhrógaí, scríbhneoir |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas
| |
File Astrálach agus leabhrógaí ba ea Gwen Harwood, née Gwendoline Nessie Foster (Oifigeach d’Ord na hAstráile) (8 Meitheamh 1920-4 Nollaig 1995). Tá meas uirthi mar dhuine de na filí Astrálacha is fearr. D’fhoilsigh sí 326 dán agus 13 leabhróg[1] agus bhain mórán duaiseanna, agus tá a hainm ar Dhuais Filíochta Gwen Harwood, ceann de na duaiseanna liteartha is tábhachtaí san Astráil. Is iondúil go ndéantar staidéar ar a saothar i scoileanna agus in ollscoileanna.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Harwood in Brisbane, Queensland. Fuair sí dioplóma ceoil agus bhí fonn uirthi féin agus ar a deartháir a bheith ina gceoltóirí, ach tharraing a seanmháthair a haird ar fhilíocht, rud a spreag í chun gairm a dhéanamh di. Phós sí an teangeolaí Bill Harwood in 1945 agus d’aistrigh siad go Hobart nuair a ceapadh é mar léachtóir in Ollscoil na Tasmáine. Eisean a d’áitigh uirthi suim a chur i saothar Ludwig Wittgenstein, suim a d’fhág lorg buan ar a saothar féin.[2][3] Bhí triúr mac agus iníon acu, agus iníon eile a bhí ina marbhghin, rud a ndearna sí tagairt dó in dhá dhán.
Ba í an iris Meanjin ba thúisce a d’fhoilsigh dán léi in 1944, ach ní raibh a saothar le feiceáil go rialta i bhfoilseacháin go dtí na 1960idí.[2] Foilsíodh an chéad chnuasach filíochta aici (Poems) in 1963 agus lean a lán cnuasach eile é. Tá eagráin dhifriúla de Selected Poems ann.
Thug foilsiú a filíochta amach os comhair an phobail í. In 1963 thosaigh sí ag scríobh leabhróga don chumadóir Larry Sitsky, agus scríobh sí leabhróga do chumadóirí eile chomh maith.[3]
Sna dánta ba luaithe aici scríobh sí mar a lán pearsana difriúla - Walter Lehmann, W.W. Hagendoor (anagram dá hainm féin), Francis Geyer (teifeach ón Ungáir), Timothy (TF) Kline (cléireach a chuir i gcoinne an éigirt), Miriam Stone (bean tí arbh fuath léi laincisí an bhaile) agus Alan Carvosso. Diúltaíodh ar dtús don chuid ba mhó de dhánta faoina hainm féin.[3][4]
Fuair sí bás den ailse in 1995.
Ábhar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is minic a chuireann a cuid dánta síos ar shaol an mháthar agus ar shaol teoranta na mban, go háirithe más máithreacha óga iad. Is minic a scríobhann sí faoin gceol agus is minic freisin a scríobhann sí faoi thírdhreach na Tasmáine agus faoi dhíbirt na mBundúchasach as an tírdhreach sin. Tá tagairtí reiligiúnda i gcuid mhaith dánta. Tá sraith dánta scríofa aici a bhfuil na pearsana céanna iontu, go háirithe an tOllamh Eisenbart agus Kröte.
Sliocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Shadows grazing eastward melt |
Na scáthanna ar féarach thoir |
Duaiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1958: Duais Filíochta Meanjin
- 1959: Duais Filíochta Meanjin
- 1975: Duais Filíochta Grace Leven
- 1977: Bonn Robert Frost Medallion (a dtugtar Duais Christopher Brennan anois air)
- 1978: Duais Patrick White
- 1980: Duais The Age do “Leabhar na Bliana”
- 1988: D.Litt. Onórach ó Ollscoil na Tasmáine
- 1989: Oifigeach d’Ord na hAstráile (AO)[5]
- 1989: Duais Liteartha Céad Aire Victoria as Bone Scan
- 1990: Duais J.J. Bray
- 1994: Dochtúireach Onórach ó Ollscoil Queensland
- 1994: Dochtúireach Onórach ó Ollscoil La Trobe
- 2005: Liosta Onórach Ban na Tasmáine as seirbhís do na healaíona
Leabharliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Poetry
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Poems (1963)
- Poems Volume Two (1968)
- The Lion's Bride (1981)
- Bone Scan (1988)
- The Present Tense
Letters
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Blessed City: Letters to Thomas Riddell 1943, eag. Alison Hoddinott (Angus & Robertson, 1990) ISBN 0-207-16587-4
- A Steady Storm of Correspondence: Selected Letters of Gwen Harwood 1943–1995, eag. Gregory Kratzmann (UQP, 2001) ISBN 0-7022-3257-2
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tasmanian Honour Roll of Women Curtha i gcartlann 31 Márta 2011 ar an Wayback Machine
- ↑ 2.0 2.1 Wilde, Hooton and Andrews (1994), lch 349
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Alison Hoddinott, “Harwood, Gwendoline Nessie (Gwen) (1920–1995),” Australian Dictionary of Biography: http://adb.anu.edu.au/biography/harwood-gwendoline-nessie-gwen-22407
- ↑ Barry Oakley, "Pugnacious poet", léirmheas ar Selected Letters of Gwen Harwood, Weekend Australian, Books, 29–30 Nollaig 2001, lch R11
- ↑ It's an Honour Curtha i gcartlann 2009-01-16 ar an Wayback Machine – Officer of the Order of Australia
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Craolachán faoi Gwen Harwood ar Poetica, 19 June 2004
- Wilde, W., Hooton, J. & Andrews, B (1994) The Oxford Companion of Australian Literature, dara heagrán, South Melbourne, Oxford University Press
Leabhair eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Strauss, Jennifer (1992) Boundary Conditions: The Poetry of Gwen Harwood (UQP) ISBN 0-7022-2412-X
- Trigg, Stephanie (1994) Gwen Harwood (OUP) ISBN 0-19-553280-5
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Anailís ar shaothar Gwen Harwood Curtha i gcartlann 2020-01-01 ar an Wayback Machine
- Gwen Harwood le Stephanie Trigg (Pdf)
- Naisc fhónta