Francis Crick
An tOllamh Francis Harry Compton Crick (8 Meitheamh 1916 - 28 Meitheamh 2004), fisiceoir, bitheolaí móilíneach agus néareolaí Sasanach. Tá cáil air mar gheall ar a fhionnachtain ar struchtúr an aigéid dí-ocsairibeanúicléasach ADN in éineacht le James Watson agus Maurice Wilkins.
Bronnadh an Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis orthu i 1962. Rosalind Franklin a chuir leis an tuiscint ar struchtúir móilíneach de ADN freisin.
Cosúil le teoiric chandamach Planck agus teoiric coibhneasachta Einstein, tá fionnachtain seo Watson is Crick ar na buanna is tábhachtaí in eolaíocht sa 20ú haois.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thaispeáin Watson is Crick i 1953 gurb é a bhíonn i ngach móilin den DNA i ngach cill bhitheolaíoch ná dís tointemhóilíní (suas le 2 m ar fhad), gach ceann ina shaghas cóipe den cheann eile.[1]
Bíonn na tointí seo leagtha amach taobh lena chéile mar a bheadh dréimire ann, ach an dréimire casta ina chaslíne (an chaslíne dhúbailte) agus naisc idir núicléitídí ar na tointí ag feidhmiú mar rungaí. Is é ord na núicléitídí a litríonn na géinte sa DNA.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |