An Chosaiv
An Chosaiv | |||||
---|---|---|---|---|---|
Republika e Kosovës (sq) Република Косово (sr-cyrl) Republika Kosovo (sr-latn) | |||||
|
|||||
Aintiún | Himni i Kosovës (11 Lúnasa 2008) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Críoch á éileamh ag | Autonomous Province of Kosovo and Metohija (en) | ||||
Príomhchathair | Pristine | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,586,659 (2024) | ||||
• Dlús | 145.44 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 353,702 (2024) | ||||
Déamainm | Cosavach | ||||
Teanga oifigiúil | an Albáinis an tSeirbis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Oirdheisceart na hEorpa stáit Iar-Iúgslavacha | ||||
Achar dromchla | 10,909.02992 km² | ||||
Pointe is airde | Đeravica (2,656 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | United Nations Interim Administration Mission in Kosovo (en) | ||||
Cruthú | 17 Feabhra 2008 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht pharlaiminteach | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Cosaive | ||||
Comhlacht reachtach | Comhthionól Phoblacht na Cosaive | ||||
• Uachtarán na Cosaive | Fatmir Sejdiu (2008–2010) | ||||
• Príomh-Aire na Cosaive | Albin Kurti (2021–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 9,412,034,299 $ (2021) | ||||
Airgeadra | Euro | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | luach ar iarraidh | ||||
Glaochód | +383 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112 | ||||
Cód tíre | XK agus luach ar iarraidh | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | rks-gov.net |
Tír atá suite in oirdheisceart na hEorpa is ea an Chosaiv (Albáinis: Kosovë nó Kosova, Seirbis: Косово nó Kosovo). Tá an Chosaiv teorantach leis an Albáin (thiar theas), le Montainéagró (thiar) agus le Poblacht na Macadóine (theas).
Bhí an Chosaiv mar chuid de dheisceart Seirbia ach níor tugadh aitheantas di, mar thír. Fógraíodh Forógra na Saoirse ón tSeirbia ón tSeirbia ar an 17 Feabhra 2008. Ach tá an Chosaiv faoi chúram na Náisiún Aontaithe ón bhliain 1999.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2005 bhí níos mó ná dhá mhilliún duine ina gcónaí sa chúige. Is Albánaigh iad an chuid is mó den daonra (92% sa bhliain 2007). Tá na Seirbiaigh sa dara háit le 5.3%.
Is í Priština (600,000 duine) an phríomhchathair agus an chathair is mó. Is iad na cathracha eile is mó sa Chosaiv ná
- Prizren in iardheisceart na tíre (165,000),
- Uroševac sa deisceart (108,690),
- Peć san iarthar (95,723) agus
- Kosovska Mitrovica sa tuaisceart (71,601).
Tír sléibhtiúil is ea an Chosaiv. Tá na sléibhte Šar suite i ndeisceart agus oirdheisceart na tíre agus iad teorantach leis an Mhacadóin. Is é Đeravica (2,656m) an sliabh is airde sa chúige agus é suite in aice leis an teorainn idir an Chosaiv, an Albáin agus Montainéagró.
Is iad na príomhaibhneacha ná an Drin Bán, Sitnica, Morava, agus Ibar.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugadh an Chosaiv isteach mar chuid de Sheirbia sa bhliain 1913 tar éis Cogadh na mBalcán|Chogadh na mBalcán. Rinneadh cuid den Iúgsláiv dí nuair a tháinig deireadh leis an gCéad Cogadh Domhanda sa bhliain 1918.
Sa bhliain 1974 rinneadh cúige neamhspleách de chuid na hIúgsláive Tito den Chosaiv. Bhí an stádas seo ag an gcúige go dtí an bhliain 1990.
Fógraíodh neamhspleáchas na Cosaive sa bhliain 1991 ach chuir rialtas na Seirbia an cúige fá smacht go dtí Cogadh na Cosaive sa bhliain 1998/1999.
Fógraíodh neamhspleáchas na Cosaive sa pharlaimint ar an 17 Feabhra 2008. Faoi láthair, tá an tír faoi chúram na Náisiún Aontaithe.
Forannta náisiúnta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Deçan / Dečani
- Dragash / Dragaš
- Drenas / Glogovac
- Ferizaj / Uroševac
- Fushë Kosovë / Kosovo Polje
- Gjakova / Đakovica
- Gjilan / Gnjilane
- Gracanicë / Gračanica
- Hani i Elezit / Elez Han
- Istog / Istok
- Junik / Junik
- Kaçanik / Kačanik
- Kamenicë / Kosovska Kamenica
- Klinë / Klina
- Kllokot / Klokot-Vrbovac
- Leposaviq / Leposavić
- Lipjan / Lipljan
- Malishevë / Mališevo
- Mamush / Mamuša
- Mitrovicë Veriore / Severna Mitrovica
- Mitrovicë / Kosovska Mitrovica
- Novobërdë / Novo Brdo
- Obiliç / Obilić
- Rahovec / Orahovac
- Partesh / Parteš
- Pejë / Peć
- Podujevë / Podujevo
- Prishtinë / Priština
- Prizren / Prizren
- Ranillug / Ranilug
- Skënderaj / Srbica
- Shtërpcë / Štrpce
- Shtime / Štimlje
- Suharekë / Suva Reka
- Viti / Vitina
- Vushtrri / Vučitrn
- Zubin Potok / Zubin Potok
- Zveçan / Zvečan
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Grianghraif na Cosaive Curtha i gcartlann 2008-03-03 ar an Wayback Machine
- Misean na Náisiún Aontaithe sa Chosaiv - UNMIK Curtha i gcartlann 2011-02-22 ar an Wayback Machine
- KFOR
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |